Tá réimse leathan de sheirbhísí á soláthar ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta idir Naíonraí, naíolanna, cúram iarscoile, clubanna bricfeasta, grúpaí spraoi agus
Tacaíochtaí Teanga
Tá tacaíochta teanga á gcur ar fáil ag CNNG do sheirbhísí a bhíonn ag feidhmiú don mhórchuid trí Bhéarla sa Ghaeltacht, chun úsáid na Gaeilge a spreagadh sna seirbhísí sin. Tá an cur chuige dírithe ar thuismitheoirí, páistí agus ar fhoireann na seirbhíse, chun iad a threorú i dtreo an Ghaeilge a úsáid ar bhealach nádúrtha sa tseirbhís agus sa bhaile. Tá áisitheoirí den scoth ag obair linn a dhéanann ceardlanna amhránaíochta, rannta, dánta, scéalaíocht, cluichí, seónna puipéad agus scileanna drámaíochta ar fad trí mheán an Ghaeilge. Roinneann muid an teanga ar bhealach spraíúil leis na páistí.
I measc na dtacaíochtaí a chuireann muid ar fáil, bíonn:
- Eolas agus tacaíocht maidir leis an gcaoi a bheidh an Ghaeilge ina cuid de ghnáthchúrsa an lae sa tseirbhís.
- Ábhar tacaíochta chun an teanga a chur chun cinn sa tseirbhís.
- Ceardlanna á eagrú sa tseirbhís chun an teanga a chur chun cinn.
- Ábhar le tabhairt do thuismitheoirí chun tábhacht an dátheangachais a chur in iúl dóibh.
Déan teagmháil linn ag an gcnaipe thíos chun tuilleadh eolais a fháil.
Ár seirbhísí Tacaíochtaí Teanga
Maigh Eo
Gaillimh
Ciarraí
Corcaigh
Port Láirge
Saibhriú agus sealbhú Teanga
Tá buntáistí éagsúla ag baint leis an dátheangachas. Léiríonn taighde idirnáisiúnta go gcabhraíonn an dátheangachas le cumas intleachtúil agus feasacht duine. Tá níos mó deiseanna fostaíochta ar fáil do dhaoine a bhfuil dhá theanga ar a dtoil acu. Cuireann an dátheangachas le féinmheas agus féinmhuinín an linbh. Beidh sé níos éasca ag páiste dátheangach tuilleadh teangacha a fhoghlaim amach anseo. Nuair a bhíonn dhá theanga ar a thoil ag duine, bíonn teacht ag an duine sin ar oidhreacht, litríocht agus ceol na dteangacha sin go nádúrtha.
Rannta, Dánta & Scéalaíocht
Faigh thíos na pacáistí tacaíochtaí teanga atá curtha le chéile ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta. Istigh iontú tá rannta agus dánta chun tacú leo an Ghaeilge a fhoghlaim trí cheol agus cruthaitheacht.
Pacáiste 1
Pacáiste 2
Amhráin na Nollag:
Tá daidí na Nollag ag Teacht:
Rudolf an Fia Rua:
Cloigín Nollag:
Bualadh Bos:
An Dromadóirín:
Físeáin:
Tá sé ag Báisteach:
Féileacán:
An Eala Bhán:
Suas agus síos leis na lámha Beaga:
Tá litir acu dom:
Oifigigh pleanála Teanga
Tá réimhse leathan tacaíochtaí teanga ar fáil.
Faigh an liosta de na hoifigigh pleanála teanga ag an nasc thíos:
Tacaíochtaí Breise:
Is féidir tacaíochtaí breise a fháil ag na naisc thíos:
Leabhair
Cló Iar-chonnacht
Teaghlaigh
Tuismitheoirí na Gaeltachta
Nuacht & imeachtaí
Tá fás agus forbairt mhór déanta ag CNNG san earnáil luathbhlianta le fiche bliain anuas agus is mór an onóir é dúinn comóradh
Bíonn muid ag earcú foirne i ngach ceantar gaeltachta in Éireann dár seirbhísí. Féach ar na folúntais atá againn faoin leathanach “Folúntais”