Mo Leabharlann Bheag

Mo Leabharlann Bheag

Mála Leabhar Mo Leabharlann Bheag do gach leanbh atá ag tosú ar scoil i mbliana

Tá mála le leabhar curtha le chéile ag leabharlanna chun cabhrú le leanaí atá ag tosú ar scoil agus is féidir é a bhailiú ag leabharlann ar bith.

Comhoibriú idir leabharlanna, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige is ea an tionscnamh ‘Mála Leabhar Mo Leabharlann Bheag’, agus gné den straitéis Na Chéad 5.

Mar chuid den tionscnamh, tá ‘Mála Leabhar Mo Leabharlann Bheag’ ar fáil saor in aisce do gach leanbh atá ag tosú ar scoil in 2025 chun cabhrú leo ullmhú don chéim mhór seo. Is féidir le leanaí agus a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí na málaí a bhailiú ag leabharlann ar bith ar fud na tíre ón 9 Bealtaine 2025.

I ngach Mála Leabhar Mo Leabharlann Bheag tá:

  • Leabhar ar scoil a thosú nó cairde a dhéanamh nó a bheith compordach ionat féin.
  • A gcárta leabharlainne féin agus sealbhóir cárta speisialta ‘Mo Leabharlann Bheag’.

Tá na málaí leabhar ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.

Tá foirne na leabharlann ag súil go mór fáilte a chur roimh na leanaí 4 agus 5 bliana d’aois nuair a thagann siad isteach chun a gcuid málaí leabhar a bhailiú agus tús a chur lena mballraíocht leabharlainne.

Tar éis dóibh cuairt a thabhairt ar an leabharlann chun a mála leabhar a bhailiú, tá súil againn go dtiocfaidh ár mbaill leabharlainne nua agus a dteaghlaigh ar ais chugainn go rialta chun a málaí a choinneáil líonta le leabhair ar iasacht agus chun páirt a ghlacadh in amanna scéalaíochta agus ranganna agus sna himeachtaí eile ar fad a bhíonn ar bun againn sa leabharlann.

 

Libraries Ireland: My Little Library Irish Language Stories – Better Start