Céard a dhéanann muid
Na seirbhísí a chuirimid ar fáil
- Earcú agus fostú foirne do na seirbhísí éagsúla.
- Cinntímid go bhfuil na cáilíochtaí cúraim leanaí cuí ag ár bhfostaithe go léir agus go gcuirtear polasaí earcaíochta CNNG i bhfeidhm go docht.
- Tá Oifigigh Forbartha fostaithe sna réigiúin go léir ina bhfeidhmímid chun tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil do na seirbhísí.
- Tá Oifigeach Forbartha againn atá ina Traenálaí Creidiúnaithe don ‘Chlár Oiliúna um Chosaint Leanaí’ chun oiliúint a chur ar fhostaithe CNNG maidir le gach gné de chosaint leanaí.
- Forbraímid ábhar tacaíochta do na seirbhísí cosúil leis an gclár gníomhaíochta réamhscolaíochta ‘Loinnir’, an tsraith pleanála teanga ‘Borradh’, Lámhleabhair Polasaithe agus Nósanna Imeachta agus Lámhleabhar Foirmeacha.
- Eagraímid cruinnithe tacaíochta rialta leis an bhfoireann go léir chun a chinntiú go bhfuil an tacaíocht agus na hacmhainní go léir a theastaíonn uathu acu chun seirbhís ar ardchaighdeán a chur ar fáil.
- Déanaimid idirchaidreamh le Tusla chun a chinntiú go gcomhlíonann ár seirbhísí na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile) (Uimh. 2) 2006 go hiomlán.
- Eagraímid Cruinnithe Tuismitheoirí do thuismitheoirí a mbeidh a bpáistí ag freastal ar ár seirbhísí.
- Déanaimid an obair riaracháin do na maoinithe Stáit éagsúla a fhaigheann ár seirbhísí.
- Cuirimid Grúpscéim Árachais iomaíoch ar fáil dár seirbhísí.
- Foilsímid an nuachtlitir ‘Bláthú’ dhá uair sa bhliain.
- Cuirimid tacaíocht teanga ar fáil do sheirbhísí.
Mar a fheidhmíonn Comhar Naíonraí na Gaeltachta
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta á maoirsiú ag Bord Stiúrthóirí ar a bhfuil ionadaithe ó na ceantair Ghaeltachta ar fad. Tá an phríomhoifig lonnaithe ar an gCeathrú Rua agus tá Oifigigh Forbartha ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta eile.
Cuspóirí CNNG
rialaithe
Comhoibriú leanúnach a bheith againn le Tusla chun a chinntiú go bhfuil na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile) (Uimh. 2) 2006 á gcur i bhfeidhm inár seirbhísí go léir agus go bhfuil na seirbhísí sin ag comhlíonadh na rialachán náisiúnta.
ardchaighdeán
Seirbhísí luathbhlianta ar ardchaighdeán a chur ar fáil trí Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta.
páistelárnach
A chinntiú go bhfuil an leanbh agus riachtanais agus forbairt an linbh lárnach inár bpolasaithe go léir.
An Ghaeilge
Úsáid nádúrtha na Gaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt i measc na bpáistí a fhreastalaíonn ar na seirbhísí.
Tacaíochtaí Maoinithe
Comhoibriú leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige maidir le riar na scéimeanna ECCE agus NCS do na seirbhísí a bhfuilimid freagrach astu.
Síolta & Aistear
A chinntiú go bhfuil na creataí náisiúnta Síolta agus Aistear á gcur i bhfeidhm inár seirbhísí agus go bhfuil oiliúint ábhartha ina leith seo á cur ar ár gcuid bhfostaithe.
comhoibriú
Oibriú i gcomhar leis na comhlachtaí náisiúnta agus reachtúla ábhartha go léir lena chinntiú go bhfuil an tseirbhís is fearr á cur ar fáil do na leanaí inár seirbhísí.