Ag Ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód!

Ag Ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód!

Tá fás agus forbairt mhór déanta ag CNNG san earnáil luathbhlianta le fiche bliain anuas agus is mór an onóir é dúinn comóradh 20 bliain ar an bhfód CNNG a cheiliúradh i mbliana. In 2004, bhí 57 Naíonra a reáchtáil ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus bhí beagán ós cionn 100 ball foirne fostaithe ag an Eagraíocht. Faoi láthair, tá 130 seirbhís luathbhlianta á reáchtáil againn agus breis is 230 ball foirne fostaithe.