Eolas do Thuismitheoirí

Ról an tuismitheora

Bíonn tionchar mór ag an tuismitheoir ar dhearcadh an pháiste i leith na Gaeilge. Tá sé tábhachtach go dtuigeann an páiste go bhfuil an tuismitheoir báúil don teanga agus go bhfuil siad ag iarraidh go labhródh an páiste í. Cuirfidh na seirbhísí gach tacaíocht agus cúnamh ar fáil do thuismitheoirí atá ag iarraidh a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Nuair a roghnaíonn tuismitheoir a bpáiste a chur chuig seirbhís de chuid CNNG, tá siad ag tabhairt deis don pháiste a chuid Gaeilge a shaibhriú agus a shealbhú i dtimpeallacht nádúrtha trí spraoi, scéalaíocht, caint, gothaí agus amhránaíocht.

CHILD PATHS:

Is aip fíor-ama é Child Paths atá éasca a úsáid agus deartha chun cumarsáid níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí idir tuismitheoirí agus múinteoirí a bhaint amach. 

Nuacht & imeachtaí

Tá réimse leathan de sheirbhísí á soláthar ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta idir Naíonraí, naíolanna, cúram iarscoile, clubanna bricfeasta, grúpaí spraoi agus

Tá fás agus forbairt mhór déanta ag CNNG san earnáil luathbhlianta le fiche bliain anuas agus is mór an onóir é dúinn comóradh

Bíonn muid ag earcú foirne i ngach ceantar gaeltachta in Éireann dár seirbhísí. Féach ar na folúntais atá againn faoin leathanach “Folúntais”