Príomh-Múinteoir Luathbhlianta Naíonra Ghort an Choirce

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg Príomh-Múinteoir Luathbhlianta Naíonra Ghort an Choirce, An Scoil Bheag, Gort an Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall F92Y44Y

Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 6 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig:  Ciara Nic Aoidh Oifigeach Forbartha CNNG, roimh an 22/06/2026.

Seoladh ríomhphoist: ciara@cnng.ie

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cineál Poist:
Suíomh:
An Scoil Bheag, Gort an Choirce, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall F92Y44Y
Uaireanta Oibre:
Luan go hAoine, 9:30r.n. - 12:30i.n.
Spriocdháta:
22/06/2026
Teagmháil:
ciara@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna