Oifigeach Forbartha i Réigiún na Gaillimhe.

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais do phost Oifigeach Forbartha i Réigiún na Gaillimhe.

Tá folúntas ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta do dhuine cumasach agus fuinniúil i réimse dúshlánach oibre chun feidhmiú mar Oifigeach Forbartha Luathbhlianta chun forbairt, comhordú agus pleanáil a dhéanamh i réimse na luathbhlianta.

Beidh an té a cheapfar ag freastal ar sheirbhísí luathbhlianta na Gaillimhe.

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas acu. 

  • Sárchaighdeán oideachais, suas go tríú leibhéal i gcúram leanaí, mar aon le taithí oiriúnach ar luathoideachas/cúram leanaí.
  • Líofacht agus cruinneas i labhairt agus scríobh na Gaeilge.
  • Taithí ábhartha san earnáil nó in earnáil ghaolmhar eile.
  • Sárscileanna cumarsáide, comhordaithe agus idirphearsanta.
  • Eolas ar fhoinsí maoinithe agus nósanna imeachta na bhforas éagsúil tacaíochta atá ag feidhmiú san earnáil luathbhlianta.
  • Cumas cruthaithe i bpleanáil, i gcomhordú agus i measúnú éilimh agus riachtanais an  phobail sa réimse luathbhlianta.
  • Ardscileanna ríomhaireachta.
  • Ceadúnas glan tiomána.

Iarratas 

Seol litir iarratas mar aon le CV agus cóip de do chuid cáilíochtaí ar ríomhphost amháin chuig: foluntas@cnng.ie

Spriocdháta d’iarratais: 05/06/2026. 

Ba chóir sonraí teagmhála beirt mholtóirí a sholáthar i d’iarratas.

Is post Lánaimsire é seo ag Grád Oifigeach Feidhmiúcháin.

Socrófar tuarastal (€38,419 – €62,601)agus coinníollacha oibre ag brath ar thaithí agus cailíochtaí leis an té a cheapfar.

Beidh Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag cur painéal le chéile ón agallamh seo chun postanna Oifigigh Forbartha Luathbhlianta eile a thagann aníos san eagraíocht a líonadh.

 

Is fostóir chomhdheiseanna é Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cineál Poist:
Suíomh:
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Uaireanta Oibre:
Luan go hAoine
Spriocdháta:
05/06/2026. 
Teagmháil:
foluntas@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna