Ionadaí in Iarscoil Charna
- Oscailte, Páirtaimseartha
- Iarscoil Charna, Carna, Co. na Gaillimhe
- Oscailte, Páirtaimseartha
- Iarscoil Charna, Carna, Co. na Gaillimhe
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Ionadaí Iarscoile in Iarscoil Charna, Carna, Co. na Gaillimhe.
Beidh an té a cheapfar ag cur imeachtaí agus gníomhaíochtaí spraíúla, spóirt, ealaíon agus ceardaíocht ar fáil do pháistí bunscoile le tacaíocht ón bhfoireann. Tá Gaeilge mhaith riachtanach don phost seo chomh maith le scileanna maithe cumarsáide agus idirphearsanta.
Is post páirtaimseartha é seo, le uaireanta/laethanta solúbtha.
Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.
Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.
Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG. Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie
Chun tuilleadh eolais a fháil, is feidir gloach ar 091 595 337.
Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
- Oscailte, Páirtaimseartha