Bainisteoir ar Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Bhaile an Fheirtéaraigh
- Conradh, Lánaimseartha
- Baile an Fheirtéaraigh Thiar, Trá Lí, Co. Chiarraí
- Conradh, Lánaimseartha
- Baile an Fheirtéaraigh Thiar, Trá Lí, Co. Chiarraí
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais do phost mar Bhainisteoir ar Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Bhaile an Fheirtéaraigh, Baile an Fheirtéaraigh Thiar, Trá Lí, Co. Chiarraí, V92 K5WT.
Beidh an té a cheapfar freagrach as riaradh agus bainistiú na seirbhíse ina iomláine.
Ní mór d’iarrthóirí taithí bainistíochta/riaracháin agus taithí ar bhainistiú foirne a bheith acu.
Tá cáilíocht Leibhéal 6 i gcúram leanaí (FETAC/QQI nó a chomhionann) agus cáilíocht tríú leibhéal sa réimse cúram leanaí ina bhuntáiste don phost seo.
Ní mór d’iarrthóirí Gaeilge líofa a bheith acu.
Is post lánaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.
Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.
Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.
Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Oifigeach Forbartha CNNG roimh an 24/06/2026. Seoladh ríomhphoist: sinead@cnng.ie
Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
- Conradh, Lánaimseartha