Príomh-Mhúinteoir Luathbhlianta i Naíonra Ros Muc

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg Príomh-Mhúinteoir Luathbhlianta i Naíonra Ros Muc, Ionad Fiontair, Ros Muc, Co. na Gaillimhe H91F3FX.

Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 6 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine. Beidh an té a cheapfar ag tosú i mí Mheán Fómhar 2026.

Ráta Pá €18.00 – €20.50 in aghaidh na huaire ag brath ar an bpost & cáilíochtaí.

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig:  Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG, roimh an 15/05/2026.

Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cineál Poist:
Suíomh:
Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Uaireanta Oibre:
Luan go hAoine
Spriocdháta:
15/05/2026
Teagmháil:
foluntas@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna