Oibrí Tacaíochta AIM i Naíonra Cheann Trá
- Páirtaimseartha, Sealadach
- Ionad Chaitlín Naofa, Ceann Trá, Trá Lí, Co. Chiarraí, V92 H4CA.
- Páirtaimseartha, Sealadach
- Ionad Chaitlín Naofa, Ceann Trá, Trá Lí, Co. Chiarraí, V92 H4CA.
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Oibrí Tacaíochta AIM i Naíonra Cheann Trá, Ionad Chaitlín Naofa, Ceann Trá, Trá Lí, Co. Chiarraí, V92 H4CA.
Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.
Beidh an té a cheapfar ag feidhmiú sa ról go dtí an 15/05/2026.
Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.
Ráta €16.50 in aghaidh na huaire.
Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.
Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.
Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Oifigeach Forbartha CNNG roimh an 25/05/2026. Seoladh ríomhphoist: sinead@cnng.ie
Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
- Páirtaimseartha, Sealadach