Oibrí Luathbhlianta páirtaimseartha in Ionad Cúraim Leanaí na Ceathrún Rua

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Oibrí Luathbhlianta Páirtaimseartha in Ionad Cúraim Leanaí na Ceathrún Rua, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.

Ní mór d’iarrthóirí taithí a bheith acu ag obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois, chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann agus cáilíocht FETAC/QQI leibhéal a cúig nó sé i gCúram Leanaí. Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phoist seo.

Má tá tuilleadh eolais uait, is féidir glaoch ar Oifigeach Forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag an uimhir 091 595337.

Ag obair ó Luan go hAoine, ón 1:00i.n go dtí 5:30i.n.

Ráta pá: €16.50 – €18.00 in aghaidh na huaire, ag brath ar cáilíochtaí.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig:  Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG roimh an 23/04/2026. Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie

 

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cineál Poist:
Suíomh:
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Uaireanta Oibre:
Luain go hAoine ón 1:00i.n go dtí 5:30i.n.
Spriocdháta:
23/04/2026
Teagmháil:
foluntas@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna