Oibrí Iarscoile in Iarscoil an tSeanphobail

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Oibrí Iarscoile in Iarscoil an tSeanphobail.

Beidh an té a cheapfar ag cur imeachtaí agus gníomhaíochtaí spraíúla, spóirt, ealaíon agus ceardaíocht ar fáil do pháistí bunscoile le tacaíocht ón bhfoireann. Tá Gaeilge mhaith riachtanach don phost seo chomh maith le scileanna maithe cumarsáide agus idirphearsanta.

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig:  Joanne Ní Chríodáin Oifigeach Forbartha CNNG roimh an 28/08/2026. Seoladh ríomhphoist: joanne@cnng.ie

Chun tuilleadh eolais a fháil, is feidir gloach ar: 026 45954

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cineál Poist:
Suíomh:
An tSean Phobail
Uaireanta Oibre:
Luan go hAoine
Spriocdháta:
28/08/2026
Teagmháil:
joanne@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna