Múinteoir Luathbhlianta i Naíonra Mhaigh Cuilinn (Tréimhse Sealadach)
- Páirtaimseartha, Sealadach
- Áras Uilinn, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, H91DHW0.
- Páirtaimseartha, Sealadach
- Áras Uilinn, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, H91DHW0.
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg Múinteoir Luathbhlianta i Naíonra Mhaigh Cuilinn, Áras Uilinn, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe H91DHW0. Is tréimhse sealadach atá i gceist
Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.
Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luain go hAoine, sa Naíonra agus san Iar-Naíonra. Bé an té a cheapfar ag obair ón tréimhse: 17/08/2026 go 22/12/2026.
Ráta Pá €16.50 – €18.00 in aghaidh na huaire ag brath ar cáilíochtaí.
Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG, roimh an 21/08/2026.
Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie
Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.
Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.
Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
- Páirtaimseartha, Sealadach