Maor Iarscoile agus Oibrí Iarscoile in Iarscoil an Fháil Charraigh

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Mhaor Iarscoile agus Oibrí Iarscoile in Iarscoil an Fháil Charraigh, Aonad 7, Páirc Gnó an Fháil Charraigh, An Fál Carrach, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92CF74.

Ní mór d’iarrthóirí taithí a bheith acu ag obair le páistí idir cúig bliana agus dá bhliain déag d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann.

Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phost seo.

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luain go hAoine.

Ráta pá don Oibrí Iarscoile: €17.50 – €19.00 (Ag brath ar cáilíochtaí)

Ráta pá don Mhaor Iarscoile: €16.00 – €16.50 (Ag brath ar cáilíochtaí)

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Oifigeach Forbartha CNNG roimh an 14/08/2026. Seoladh ríomhphoist: suzanne@cnng.ie

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cineál Poist:
Suíomh:
Aonad 7, Páirc Gnó an Fháil Charraigh, An Fál Carrach, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall F92CF74
Uaireanta Oibre:
Luan go hAoine
Spriocdháta:
14/08/2026
Teagmháil:
suzanne@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna