Bainisteoir ar Sheirbhísí Luathbhliant agus Aois Scoile in Áras Mhic Amhlaigh & Príomh-Mhúinteoir Luathbhlianta & Múinteoir Luathbhlianta
- Conradh, Lánaimseartha, Páirtaimseartha
- Ionad Áras Mhic Amhlaigh, Gaelscoil Mhic Amhlaigh, Lána an Mhuilleora, Cnoc na Cathrach, Co. na Gaillimhe.
- Conradh, Lánaimseartha, Páirtaimseartha
- Ionad Áras Mhic Amhlaigh, Gaelscoil Mhic Amhlaigh, Lána an Mhuilleora, Cnoc na Cathrach, Co. na Gaillimhe.
Tá 3 phost le líonadh againn in Áras mhic amhlaigh, Cnoc na cathrach:
Bainisteoir ar Sheirbhísí Luathbhlianta an Ionaid –
Tuarastal : €40,000 go €45,000 sa mbliain ag bráth ar thaithí agus cáillíochtaí.
Beidh an té a cheapfar freagrach as riaradh agus bainistiú na seirbhíse ina iomláine. Ní mór d’iarrthóirí taithí bainistíochta/riaracháin agus taithí bainistiú foirne a bheith acu chomh maith le taithí agus cáilíocht sa réimse cúram leanaí.
Tá cáilíocht Leibhéal 6 i gCúram Leanaí nó níos airde (FETAC/QQI nó a chomhionann) riachtanach agus bheadh cáilíocht tríú leibhéal sa réimse cúram leanaí ina bhuntáiste. Ní mór d’iarrthóirí Gaeilge líofa a bheith acu.
Is post lánaimseartha é seo, ag obair ó Luain go hAoine.
Príomh-Mhúinteoir Luathbhlianta-
Ráta pá idir €18.00–€20.50 in aghaidh na huaire ag brath ar thaithí agus ar cháilíochtaí. Cáilíocht Leibhéal 6 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luain go hAoine.
Múinteoir Luathbhlianta –
Ráta pá idir idir €16.50–€18.50 in aghaidh na huaire ag brath ar thaithí agus ar cháilíochtaí . Cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luain go hAoine.
Ní mór d’iarrthóirí Gaeilge líofa a bheith acu.
Seol litir iarratais mar aon le CV ar ríomhphost amháin chuig: Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG roimh an 14/08/2025. Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie
Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
- Conradh, Lánaimseartha, Páirtaimseartha