Maor Iarscoile in Iarscoil Bhréanainn, Co. Chiarraí

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Mhaor Iarscoile in Iarscoil Bhréanainn, Halla na Feothanaí, Baile an Mhordhaigh, Trá Lí, Co. Chiarraí V92 XOFP.

Ní mór d’iarrthóirí taithí a bheith acu ag obair le páistí idir cúig bliana agus dá bhliain déag d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann.

Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phost seo.

Ag tosú Lúnasa 2026.

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Oifigeach Forbartha CNNG roimh an 05/06/2026.  Seoladh ríomhphoist: sinead@cnng.ie

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cineál Poist:
Suíomh:
Halla na Feothanaí, Baile an Mhordhaigh, Trá Lí, Co. Chiarraí, V92 XOFP
Uaireanta Oibre:
Luan go hAoine
Spriocdháta:
05/06/2026
Teagmháil:
foluntas@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna