Oibrí Iarscoile in Iarscoil Ráth Chairn, Co. na Mí

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Oibrí Iarscoile in Iarscoil Ráth Chairn, Co. na Mí.

Beidh an té a cheapfar ag cur imeachtaí agus gníomhaíochtaí spraíúla, spóirt, ealaíon agus ceardaíocht ar fáil do pháistí bunscoile le tacaíocht ón bhfoireann. Tá Gaeilge mhaith riachtanach don phost seo chomh maith le scileanna maithe cumarsáide agus idirphearsanta.

Is post páirtaimseartha é seo, le uaireanta/laethanta solúbtha.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig:  Oifigeach forbartha CNNG. Seoladh ríomhphoist: ciara@cnng.ie

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

 

Cineál Poist:
Suíomh:
Ráth Chairn, Baile Átha Buí, Co. na Mí
Uaireanta Oibre:
Luan go hAoine
Spriocdháta:
Oscailte
Teagmháil:
foluntas@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna