Ionadaí - Múinteoir Luathbhlianta i Naíonra na Fairche & Naíonra Scoil Mhuire, Corr na Móna.

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Ionadaí i Naíonra na Fairche, Ionad Pobail na Fairche, An Fhairche, Co. na Gaillimhe agus & Naíonra Scoil Mhuire, Corr na Móna, Co. na Gaillimhe.

Ní mór d’iarrthóirí taithí a bheith acu ag obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois, chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann agus cáilíocht FETAC/QQI leibhéal a 5 i gCúram Leanaí. Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phoist seo.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

 

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig:  Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG roimh an 12/12/2025. Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie

 

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cineál Poist:
Suíomh:
Dúiche Sheoigheach, Co. na Gaillimhe
Uaireanta Oibre:
oscailte
Spriocdháta:
19/12/2025
Teagmháil:
foluntas@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna