Oibrí Tacaíochta AIM i Naíonra Aodh Mhic Breicne (Teileann)

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Oibrí Tacaíochta AIM Naíonra Aodh Mhic Breicne, Teileann, An Charraig, Co. Dhún na nGall.

Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois chomh maith le taithí bainistíochta foirne.  Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig:  Oifigeach Forbartha CNNG roimh an 22/12/2025.  Seoladh ríomhphoist: ciara@cnng.ie

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cineál Poist:
Suíomh:
Teileann, An Charraig, Co. Dhún na nGall.
Uaireanta Oibre:
Luan go hAoine
Spriocdháta:
22/12/2025
Teagmháil:
foluntas@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna