Curaclam & Teanga

Feidhmíonn gach seirbhís CNNG trí mheán na Gaeilge. Labhraítear Gaeilge i gcónaí – leis na páistí, leis na tuismitheoirí agus i measc na foirne. Baintear úsáid as cláir éagsúla, Lonnir, Síolta, Aistear agus an scéim pleanála teanga Borradh d’fhorbairt iomlán na bpáistí, lena n-áirítear forbairt teanga. Tá clár oibre na seirbhísí leagtha amach chun freastal go cuí ar riachtanais teanga na bpáistí maidir le saibhriú agus sealbhú na Gaeilge agus chun úsáid nádúrtha na Gaeilge i measc na bpáistí a chothú agus a bhuanú. Tá béim láidir ar chanúint an cheantair ina bhfuil an tseirbhís lonnaithe.

Aistear

Aistear

Tacaíonn Síolta agus Aistear le foghlaim agus forbairt gach linbh ó bhreith go mbeidh siad sé bliana d’aois thar raon suíomhanna luath-óige agus trí churaclam oiriúnach a chur ar fáil.

Loinnir

Loinnir

Clár Oibre do Naíonraí na Gaeltachta. Tá an clár oibre seo leagtha amach ar mhaithe le forbairt iomlán an pháiste, chun a chuid Gaeilge a shaibhriú agus é sin a dhéanamh trí spraoi.

Borradh

Borradh

Tá sé mar aidhm ag Borradh uirlisí pleanála teanga a fhorbairt do Mhúinteoirí Naíonraí na Gaeltachta. De bharr athruithe sa tsochaí theangeolaíoch agus athruithe ar thógáil teaghlaigh, tá páistí a bhfuil Gaeilge ar chaighdeáin éagsúla acu ag freastal ar Naíonraí na Gaeltachta.

Saibhriú & Sealbhú Teanga

Saibhriú & Sealbhú Teanga

Tá buntáistí éagsúla ag baint leis an dátheangachas. Léiríonn taighde idirnáisiúnta go gcabhraíonn an dátheangachas le cumas intleachtúil agus feasacht duine.

Tacaíochtaí Oifigeach Teanga

Tacaíochtaí Oifigeach Teanga

Feidhmíonn gach seirbhís CNNG trí mheán na Gaeilge. Labhraítear Gaeilge i gcónaí – leis na páistí, leis na tuismitheoirí agus i measc na foirne.

Immersive Education

Immersive Education

Suspendisse consequat sed sem eget elementum. Ut vehicula eget neque eget vestibulum.

Nuacht & imeachtaí

Tá fás agus forbairt mhór déanta ag CNNG san earnáil luathbhlianta le fiche bliain anuas agus is mór an onóir é dúinn comóradh

Bíonn muid ag earcú foirne i ngach ceantar gaeltachta in Éireann dár seirbhísí. Féach ar na folúntais atá againn faoin leathanach “Folúntais”

Tar éis comhairliúcháin (CNCM, 2024), sainaithníodh réimse an oideachais Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM) mar réimse ar gá tuilleadh machnaimh a dhéanamh

Mála Leabhar Mo Leabharlann Bheag do gach leanbh atá ag tosú ar scoil i mbliana Tá mála le leabhar curtha le chéile

Irish Language Development | Nurturing Skills  

Uirlis Mheastóireachta do Theiripeoirí Urlabhra don Ghaeilge – Ag cuardach rannpháirtithe anois! Tá UCC i mbun uirlis mheastóireachta ar fhuaimniú agus ar

Ár bPáirtnéirí & Maoinitheoirí