Príomh-Mhúinteoir Luathbhlianta & Múinteoir Luathbhlianta i Naíonra na Fairche (Ag tosú i Mí Mheán Fómhair 2026)

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don dhá phost mar Phríomh-Mhúinteoir Luathbhlianta & Múinteoir Luathbhlianta i Naíonra na Fairche, Ionad Pobail na Fairche, An Fhairche, Co. na Gaillimhe, F12 T9P7.

Beidh dáta tosaithe ag an dá phost i mí Mheán Fómhair 2026.

Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 6 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu don phost mar Phríomh-Mhúinteoir, agus cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu don phost mar Mhúinteoir Luathbhlianta, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.

Is poist páirtaimseartha iad seo, ag obair ó Luan go hAoine.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig:  Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG roimh an 24/03/2026.  Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie

 

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cineál Poist:
Suíomh:
Ionad Pobail na Fairche, An Fhairche, Co. na Gaillimhe, F12 T9P7
Uaireanta Oibre:
Luan go hAoine
Spriocdháta:
24/03/2026
Teagmháil:
foluntas@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna