Oibrí Tacaíochta AIM Naíonra Bhaile an Fheiréaraigh
- Páirtaimseartha, Sealadach
- Baile an Fheirtéaraigh Thiar, Trá Lí, Co. Chiarraí V92 K5WT.
- Páirtaimseartha, Sealadach
- Baile an Fheirtéaraigh Thiar, Trá Lí, Co. Chiarraí V92 K5WT.
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Oibrí Tacaíochta AIM Naíonra Bhaile an Fheiréaraigh, Baile an Fheirtéaraigh Thiar, Trá Lí, Co. Chiarraí V92 K5WT.
Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.
Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine, ón 9r.n. – 12i.n.
Is tréimhse sealadach atá i gceist, ag tosú ar an 13/04/2026 agus ag críochnú ar an 19/06/2026.
Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.
Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.
Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Oifigeach Forbartha CNNG roimh an 03/04/2026. Seoladh ríomhphoist: sinead@cnng.ie
Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
- Páirtaimseartha, Sealadach