Oibrí Naíolainne in Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Bhaile an Fheirtéaraigh

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Oibrí Naíolainne in Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Bhaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí.

Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.

 

Seol litir iarratais mar aon le CV ar ríomhphost amháin, i nGaeilge amháin chuig:  Oifgeach forbartha CNNG roimh an 05/11/2025.  Seoladh ríomhphoist: sinead@cnng.ie

 

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cineál Poist:
Suíomh:
Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Bhaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí.
Uaireanta Oibre:
Luan go hAoine
Spriocdháta:
05/11/2025
Teagmháil:
sinead@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna