Múinteoir Luathbhlianta (Clúdach Saoire Mháithreachais) i Naíonra na hEachléime
- Páirtaimseartha, Sealadach
- An Eachléim, Clochar, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, F26P704.
- Páirtaimseartha, Sealadach
- An Eachléim, Clochar, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, F26P704.
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg Múinteoir Luathbhlianta (Clúdach Saoire Mháithreachais) i Naíonra na hEachléime, An Eachléim, Clochar, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, F26P704.
Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.
Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.
Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG, roimh an 07/07/2026.
Seoladh ríomhphoist: sinead@cnng.ie
Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.
Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.
Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
- Páirtaimseartha, Sealadach