Oibrí Iarscoile in Iarscoil Fhánada 

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais do phost mar Oibrí Iarscoile in Iarscoil Fhánada, Ionad Pobail Fhánada, Tráigh a’ Locha, Baile Láir, Fánaid, Co. Dhún na nGall

Beidh an té a cheapfar ag cur imeachtaí agus gníomhaíochtaí spraíúla, spóirt, ealaíon agus ceardaíocht ar fáil do pháistí bunscoile le tacaíocht ón bhfoireann. Tá Gaeilge mhaith riachtanach don phost seo chomh maith le scileanna maithe cumarsáide agus idirphearsanta.

Is post páirtaimseartha é seo, le uaireanta/laethanta solúbtha.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig:  Oifigeach forbartha CNNG roimh an 31/07/2025.  Seoladh ríomhphoist: grace@cnng.ie

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cineál Poist:
Suíomh:
Ionad Pobail Fhánada, Tráigh a’ Locha, Baile Láir, Fánaid, Co. Dhún na nGall
Uaireanta Oibre:
Luan go hAoine, 2 i.n - 6 i.n.
Spriocdháta:
31/07/2025
Teagmháil:
grace@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna