Príomh-Mhúinteoir Luathbhlianta i Naíonra Árainn Mhór
- Páirtaimseartha
- An Leadhb Gharbh, Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall.
- Páirtaimseartha
- An Leadhb Gharbh, Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall.
Príomh-Mhúinteoir Luathbhlianta i Naíonra Árainn Mhór
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Phríomh-Mhúinteoir Luathbhlianta i Naíonra Árainn Mhór, An Leadhb Gharbh, Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall.
Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 6 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.
Is post páirtaimseartha é seo, ag obair 2 lá sa tseachtain le linn na bliana scoile (8.4 uair sa tseachtain).
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le hOifigeach Forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag 074 9560296.
Seol litir iarratais, CV agus cóip de do cháilíochtaí chuig:
- grace@cnng.ie nó
- Oifigeach Forbartha – Grace
Comhar Naíonraí na Gaeltachta
Oifig 16, Gteic Áislann Ghaoth Dobhair
Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair
Na Dóirí Beaga, Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall
F92 D6OW
Spriocdháta: 23 Bealtaine 2025
Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
- Páirtaimseartha