Oibrí Iarscoile in Iarscoil na hEachléime
- Páirtaimseartha
- An Eachléim, Clochar, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo
- Páirtaimseartha
- An Eachléim, Clochar, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo
Oibrí Iarscoile in Iarscoil na hEachléime
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais do phost mar Oibrí Iarscoile in Iarscoil na hEachléime, Eachléim, Clochar, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, F26P704.
Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.
Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine, idir 2 i.n go dtí 3 i.n.
D’fhéadfadh an post a bheith feiliúnach do Mhic Léinn atá ag freastal ar an tríú leibhéal chomh maith mar go bhfuil uaireannta solúbtha ar fáil againn.
Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.
Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.
Seol litir iarratais mar aon le CV ar ríomhphost amháin chuig: Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG roimh an 11/06/2025. Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie
Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
- Páirtaimseartha