Múinteoir Luathbhlianta i Naíonra na mBeachóg - Ard an Rátha
- Páirtaimseartha
- Scoil Náisiúnta Mhín Tine Dé, Mín Tine Dé, Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
- Páirtaimseartha
- Scoil Náisiúnta Mhín Tine Dé, Mín Tine Dé, Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Mhúinteoir Luathbhlianta i Naíonra na mBeachóg – Ard an Rátha, Scoil Náisiúnta Mhín Tine Dé, Mín Tine Dé, Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall. F94Y886
Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.
Ráta Pá: €16.50 – €18.00 in aghaidh na huaire, ag brath ar cáilíochtaí.
Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.
Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Oifigeach Forbartha CNNG. Roimh an 23/11/2026.
Seoladh ríomhphoist: grace@cnng.ie
Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.
Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.
Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
- Páirtaimseartha