Bainisteoir ar Sheirbhísí Luathbhlianta Cholmcille, an Tulach - (Clúdach Saoire Mháithreachais)

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Bhainisteoir ar Sheirbhísí Luathbhlianta Cholmcille, An Tulach, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe.

Post Sealadach (Clúdach Saoire Mháithreachais) (15.12.2026 – 25.06.2027)

Beidh an té a cheapfar freagrach as riaradh agus bainistiú na seirbhíse ina hiomláine.  Ní mór d’iarrthóirí taithí bainistíochta agus riaracháin, chomh maith le taithí ar bhainistiú foirne, a bheith acu.  Ba cheart freisin go mbeadh taithí agus cáilíocht acu sa réimse cúraim leanaí.

Tá cáilíocht Leibhéal 6 i gCúram Leanaí (FETAC/QQI nó a chomhionann) riachtanach agus bheadh cáilíocht tríú leibhéal sa réimse cúraim leanaí ina bhuntáiste.  Ní mór d’iarrthóirí Gaeilge líofa a bheith acu.

Is post lánaimseartha sealadach é seo mar chlúdach saoire mháithreachais, ag obair ó Luan go hAoine, 30 uair an chloig sa tseachtain.

Seol litir iarratais, CV  agus cóipeanna de do cháilíochtaí ar ríomhphost amháin chuig An Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG roimh an 08/11/2026.

Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie

Ní ghlacfar le hiarratais a gheofar tar éis an dáta deiridh.

Fostóir comhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cineál Poist:
Suíomh:
An Tulach, Baile na hAbhainn, Co. na Gaillimhe.
Uaireanta Oibre:
Luan go hAoine
Spriocdháta:
08/11/2026
Teagmháil:
foluntas@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna