Bainisteoir ar Ionad Cúraim Leanaí Charna

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais do phost mar Bhainisteoir ar Ionad Cúraim Leanaí Charna, Carna, Co. na Gaillimhe H91KWN9.

Beidh an té a cheapfar freagrach as riaradh agus bainistiú na seirbhíse ina iomláine.

Ní mór d’iarrthóirí taithí bainistíochta/riaracháin agus taithí ar bhainistiú foirne a bheith acu.

Tá cáilíocht Leibhéal 6 i gcúram leanaí (FETAC/QQI nó a chomhionann) agus cáilíocht tríú leibhéal sa réimse cúram leanaí ina bhuntáiste don phost seo.

Ní mór d’iarrthóirí Gaeilge líofa a bheith acu.

Is post lánaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

 

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig:  Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG roimh an 16/03/2026.  Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie

 

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cineál Poist:
Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Uaireanta Oibre:
Luan go hAoine
Spriocdháta:
16/03/2026
Teagmháil:
foluntas@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna