Oibrí Tacaíochta AIM i Naíonra Ghleann Cholm Cille

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Oibrí Tacaíochta AIM i Naíonra Ghleann Cholm Cille, Halla Mhuire, Caiseal, Gleann Cholm, Cille, Co. Dhún na nGall, F94NX3K.

Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine. 21 uair an chloig sa tseachtain .

Ráta pá: €16.50 – €17.00

Má tá tuilleadh eolais uait is féidir glaoch ar Oifigeach Forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag an uimhir 074 95 60296.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig:  Oifigeach Forbartha CNNG roimh an 23/10/2026.  Seoladh ríomhphoist: grace@cnng.ie

 

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cineál Poist:
Suíomh:
Halla Mhuire, Caiseal, Gleann Cholm, Cille, Co. Dhún na nGall, F94NX3K
Uaireanta Oibre:
Luan go hAoine
Spriocdháta:
23/10/2026
Teagmháil:
grace@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna