Oibrí Tacaíochta AIM i Naíonra Bhaile Ghib

Oibrí Tacaíochta AIM i Naíonra Bhaile Ghib

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Oibrí Tacaíochta AIM i Naíonra i Naíonra Bhaile Ghib, Halla Pobail Bhaile Ghib, An Uaimh, Co. na Mí.

Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Má tá tuilleadh eolais uait, is féidir glaoch ar Oifigeach Forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag an uimhir 0749560296.

Seol litir iarratais mar aon le CV chuig:

ciara@cnng.ie

Ciara Nic Aoidh

Oifigeach Forbartha

Comhar Naíonraí na Gaeltachta

Oifig 16, Gteic Áislann Ghaoth Dobhair

Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair

Na Dóirí Beaga

Leitir Ceanainn

Co. Dhún na nGall

F92 D6OW

 

Roimh an 23/05/2025

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cineál Poist:
Suíomh:
Bhaile Ghib, An Uaimh, Co. na Mí.
Uaireanta Oibre:
Luan go hAoine
Spriocdháta:
23/05/2025
Teagmháil:
foluntas@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna