Oibrí Luathbhlianta i ICL na Ceathrún Rua
- Lánaimseartha
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Lánaimseartha
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Oibrí Luathbhlianta in Ionad Cúraim Leanaí na Ceathrún Rua, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. Ní mór d’iarrthóirí taithí a bheith acu ag obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois, chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann agus cáilíocht FETAC/QQI leibhéal a cúig i gCúram Leanaí. Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phoist seo.
Is post lánaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.
Má tá tuilleadh eolais uait, is féidir glaoch ar Oifigeach Forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag an uimhir 091 595337.
Seol litir iarratais mar aon le CV ar ríomhphost amháin chuig: Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG roimh an 09/05/2025. Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie
Fostóir chomhdheiseanna é Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
- Lánaimseartha