Tá réimse leathan de sheirbhísí á soláthar ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta idir Naíonraí, naíolanna, cúram iarscoile, clubanna bricfeasta, grúpaí spraoi agus
Borradh
Tá sé mar aidhm ag Borradh uirlisí pleanála teanga a fhorbairt do Mhúinteoirí Naíonraí na Gaeltachta. De bharr athruithe sa tsochaí theangeolaíoch agus athruithe ar thógáil teaghlaigh, tá páistí a bhfuil Gaeilge ar chaighdeáin éagsúla acu ag freastal ar Naíonraí na Gaeltachta. Tá tacaíocht agus spreagadh éagsúil ag teastáil chun cabhrú leis na páistí seo a gcumas sa Ghaeilge a neartú agus a fhorbairt. http://cnng.demowsites.com/enriching-acquiring-language/ Saibhriú agus sealbhú na Gaeilge. Feidhmíonn gach seirbhís CNNG trí mheán na Gaeilge. Labhraítear Gaeilge i gcónaí – leis na páistí, leis na tuismitheoirí agus i measc na foirne. Baintear úsáid as Clár Oibre Lonnir chomh maith le Síolta agus Aistear agus an scéim pleanála teanga Borradh ar mhaithe le forbairt iomlán na bpáistí, lena n-áirítear forbairt teanga. Tá clár oibre na seirbhísí leagtha amach chun freastal go cuí ar riachtanais teanga na bpáistí maidir le saibhriú agus sealbhú na Gaeilge agus chun úsáid nádúrtha na Gaeilge i measc na bpáistí a chothú agus a bhuanú. Tá béim láidir ar chanúint an cheantair ina bhfuil an tseirbhís lonnaithe. Is féidir cóip a fháil ach teagmháil a dhéanamh leis an bpríomhoifig.
Nuacht & imeachtaí
Tá fás agus forbairt mhór déanta ag CNNG san earnáil luathbhlianta le fiche bliain anuas agus is mór an onóir é dúinn comóradh
Bíonn muid ag earcú foirne i ngach ceantar gaeltachta in Éireann dár seirbhísí. Féach ar na folúntais atá againn faoin leathanach “Folúntais”
Tar éis comhairliúcháin (CNCM, 2024), sainaithníodh réimse an oideachais Eolaíochta, Teicneolaíochta, Innealtóireachta agus Matamaitice (ETIM) mar réimse ar gá tuilleadh machnaimh a dhéanamh