FÓGRA POIST
OIBRÍ TACAÍOCHTA AIM NAÍONRA AN CHAIRN MHÓIR
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais do phost mar Oibrí Tacaíochta AIM i Naíonra an Chairn Mhóir, Ionad Pobail an Chairn Mhóir, An Carn Mór, Co. na Gaillimhe.
Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.
Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.
Má tá tuilleadh eolais uait is féidir glaoch ar Oifigeach Forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag an uimhir 091-595337.
Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.
Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.
Seol litir iarratais agus CV chomh maith le cóip de do chuid cáilíochtaí roimh an 22/01/2025 chuig:
nó
An t-Oifigeach Forbartha
Comhar Naíonraí na Gaeltachta
Aonad 3D
Páirc Gnó na Ceathrún Rua
An Cheathrú Rua
Co na Gaillimhe
Roimh 22/01/2025
Is fostóir chomhdheiseanna é Comhar Naíonraí na Gaeltachta.