Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais do phost mar Oibrí Luathbhlianta in Ionad Cúraim Leanaí na Ceathrún Rua, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. Ní mór d’iarrthóirí taithí a bheith acu ag obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois, chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann agus cáilíocht FETAC/QQI leibhéal a cúig i gCúram Leanaí. Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phoist seo.
Is post lánaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.
Má tá tuilleadh eolais uait is féidir glaoch ar Oifigeach Forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag an uimhir 091 595337.
Seol litir iarratais agus CV roimh an 22/1/2025, chuig:
foluntas@cnng.ie nó
Oifigeach Forbartha
Comhar Naíonraí na Gaeltachta
Tuar Mhic Éadaigh
CO Mhaigh Eo
F12 H766.