Oibrí Luathbhlianta i Naíolann an Fheirtéaraigh

Oibrí Luathbhlianta i Naíolann an Fheirtéaraigh

 

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta, ag lorg iarratais do phost mar Oibrí Luathbhlianta i Naíolann an Fheirtéaraigh, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí. 

 

Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (FETAC/QQI nó a chomhionann) ar a laghad a bheith acu agus taithí ag obair le páistí, chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phost seo. 

 

Is post lán-aimseartha é seo, ó Luan go Aoine. 

 

Má tá tuilleadh eolais uait is féidir glaoch ar Oifigeach Forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta i réigiún na Mumhan ag an uimhir 026 45954. 

 

Seol litir iarratais agus CV chomh maith le cóip de do chuid cáilíochtaí chuig: 

 joanne@cnng.ie 

Oifigeach Forbartha 

Comhar Naíonraí na Gaeltachta 

Maigh Réidh 

Baile Mhic Íre 

Co. Chorcaí 

 

Roimh 24/01/2025