Oibrí Iarscoile in Áras Mhic Amhlaigh

Oibrí Iarscoile in Áras Mhic Amhlaigh

 

 

Fógra Poist:

 

Oibrí Iarscoile in Áras Mhic Amhlaigh, Cnoc na Cathrach, Co na Gaillimhe.

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais do phost mar Oibrí Iarscoile, in Áras mhic Amhlaigh, Cnoc na Cathrach, Co na Gaillimhe.

 

Beidh an té a cheapfar ag cur imeachtaí agus gníomhaíochtaí spraíúla, spóirt, ealaíon agus ceardaíocht ar fáil do pháistí bunscoile le tacaíocht ón bhfoireann. Tá Gaeilge mhaith riachtanach don phost seo chomh maith le scileanna maithe cumarsáide agus idirphearsanta.

 

Is post páirtaimseartha é seo, le uaireanta/laethanta solúbtha.

 

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

 

 

Seol litir iarratais agus CV, chomh maith le cóip de do chuid cáilíochtaí chuig:

foluntas@cnng.ie  nó

 

Oifigeach Forbartha

Comhar Naíonraí na Gaeltachta

Tuar Mhic Éadaigh

CO Mhaigh Eo F12 H766.

 

Roimh an 22/01/2025.