Múinteoir Luathbhlianta Naíonra agus Iar-Naíonra Ráth Chairn
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais do phost mar Mhúinteoir i Naíonra agus Iar-Naíonra Ráth Chairn, Ionad Cúram Leanaí, Ráth Chairn, Baile Átha Buí, Co. na Mí.
Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.
Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.
Má tá tuilleadh eolais uait is féidir glaoch ar Oifigeach Forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag an uimhir 094-9557006.
Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.
Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.
Seol litir iarratais agus CV chomh maith le cóip de do chuid cáilíochtaí chuig:
nó
Pattie Stundún
Feidhmeannach Forbartha Luathbhlianta
Comhar Naíonraí na Gaeltachta
Tuar Mhic Éadaigh
Clár Chlainne Mhuiris
Co Mhaigh Eo
F12 H766
Roimh an 22/1/2025