Riarthóir Oifige in Ionad Cúraim Leanaí na Ceathrún Rua
- Conradh, Páirtaimseartha
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Conradh, Páirtaimseartha
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Tá folúntas páirtaimseartha do Riarthóir Oifige in Ionad Cúraim Leanaí na Ceathrún Rua, Co. na Gaillimhe.
Duine fuinniúil, díograiseach agus tiomanta atá ag teastáil agus cuirfear traenáil agus oiliúint ar fáil don té a cheapfar.
Fáilteofar roimh iarratais ó iarrthóirí leis na scileanna, taithí agus cáilíochtaí seo a leanas: – Obair riaracháin a dhéanamh de réir treoir ón mbainistíocht.
- Déileáil le glaonna gutháin agus cinntiú go gcuirtear ar aghaidh chuig an duine cuí iad nó go dtógtar teachtaireachtaí.
- Déileáil le cuairteoirí chuig an Ionad.
- Córas oiriúnach comhdú a chur i bhfeidhm agus cinntiú go bhfuiltear ag cloí leis an bpolasaí Rúndacht agus an Polasaí Cosaint Sonraí atá i bhfeidhm.
- Cinntiú go bhfuil stoc stáiseanóireacht ar fáil agus ordú de réir mar is gá.
- Cúnamh a thabhairt don mbainistíocht ar thograí áirithe de réir mar a theastaíonn.
- Aon dualgais réasúnta eile a iarrann an bhainistíocht laistigh de ról an Riarthóra
- Sár scileanna cumarsáide, comhordaithe agus idirphearsanta.
- Líofacht agus cruinneas i labhairt agus scríobh na Gaeilge.
- Saineolas ar an earnáil luathbhlianta ina bhuntáiste.
- Eolas agus tuiscint ar na forais éagsúla tacaíochta atá ag feidhmiú san earnáil luathbhlianta.
- Ard scileanna ríomhaireachta agus IT, san aireamh Word, Excel, PowerPoint.
- Ceadúnas glan tiomána.
- Aon dualgais eile a chuirfidh an bainisteoir ort ó am go chéile.
Is post páirtaimseartha é seo, ag obair 20-25 uair ó Luan go Aoine. Beidh an té a cheapfar lonnaithe san Ionad Cúraim Leanaí na Ceathrún Rua, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.
Socrófar tuarastal agus coinníollacha pá leis an té a cheapfar.
Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin, chuig: Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG roimh an 02/11/2025 ag Meán Lae .
Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie
- Conradh, Páirtaimseartha