Príomh-Mhúinteoir Luathbhlianta i Naíonra an Leitriúigh

Príomh-Mhúinteoir Luathbhlianta i Naíonra an Leitriúigh

 

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Phríomh-Mhúinteoir Luathbhlianta i Naíonra an Leitriúigh, Halla le Chéile, Bhréanainn, Trá Lí, Co. Chiarraí

Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 6 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Seol litir iarratais mar aon le CV ar ríomhphost amháin chuig:  Sinéad Ní Neill roimh an 19/06/2025.  Seoladh ríomhphoist: sinead@cnng.ie

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cineál Poist:
Suíomh:
Halla le Chéile, Bhréanainn, Trá Lí, Co. Chiarraí
Uaireanta Oibre:
Luan go hAoine
Spriocdháta:
19/06/2025
Teagmháil:
foluntas@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna