Oibrí Luathbhlianta in Ionad Cúraim Leanaí Ráth Chairn

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Oibrí Luathbhlianta in Ionad Cúraim Leanaí Ráth Chairn, Baile Átha Buí, Co. na Mí. Ní mór d’iarrthóirí taithí a bheith acu ag obair le páistí faoi chúig bhliana d’aois, chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann agus cáilíocht FETAC/QQI leibhéal a cúig i gCúram Leanaí. Tá líofacht Gaeilge riachtanach don phoist seo.

Is post lánaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Má tá tuilleadh eolais uait, is féidir glaoch ar Oifigeach Forbartha Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag an uimhir 074 95 60296 .

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig:  Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG roimh an 16/12/2025. Seoladh ríomhphoist: ciara@cnng.ie

 

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cineál Poist:
Suíomh:
Ráth Chairn, Baile Átha Buí, Co. na Mí
Uaireanta Oibre:
Luain go hAoine
Spriocdháta:
16/12/2025
Teagmháil:
ciara@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna