Oibrí Iarscoile in Ionad Cúraim Leanaí na Ceathrún Rua
- Páirtaimseartha
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Páirtaimseartha
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
Fógra Poist:
Oibrí Iarscoile in Ionad Cúraim Leanaí na Ceathrún Rua, Co na Gaillimhe.
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais do phost mar Oibrí Iarscoile in Ionad Cúraim Leanaí na Ceathrún Rua, Co na Gaillimhe.
Beidh an té a cheapfar ag cur imeachtaí agus gníomhaíochtaí spraíúla, spóirt, ealaíon agus ceardaíocht ar fáil do pháistí bunscoile le tacaíocht ón bhfoireann. Tá Gaeilge mhaith riachtanach don phost seo chomh maith le scileanna maithe cumarsáide agus idirphearsanta.
Is post páirtaimseartha é seo, le uaireanta/laethanta solúbtha.
Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.
Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.
Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG roimh an 15/07/2025. Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie
Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
- Páirtaimseartha