Oibrí Iarscoile in Iarscoil Réaltaí Móra - na Doirí Beaga
- Páirtaimseartha
- Suíomh Scoil Mhuire B & C, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92NN82
- Páirtaimseartha
- Suíomh Scoil Mhuire B & C, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92NN82
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Oibrí Iarscoile in Iarscoil Réaltaí Móra, Suíomh Scoil Mhuire B & C, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92NN82
Beidh an té a cheapfar ag cur imeachtaí agus gníomhaíochtaí spraíúla, spóirt, ealaíon agus ceardaíocht ar fáil do pháistí bunscoile le tacaíocht ón bhfoireann. Tá Gaeilge mhaith riachtanach don phost seo chomh maith le scileanna maithe cumarsáide agus idirphearsanta.
Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.
Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.
Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.
Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Suzanne Ní Géidí Oifigeach Forbartha CNNG roimh an 15/07/2026. Seoladh ríomhphoist: suzanne@cnng.ie
Chun tuilleadh eolais a fháil, is feidir gloach ar: 074 95 60296
Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
- Páirtaimseartha