Oibrí Cistine in Ionad Cúraim Leanaí Charna

Oibrí Cistine

 

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarrthóirí don phost mar Oibrí Cistine in Ionad Cúraim Leanaí Charna, Co. na Gaillimhe. Ní mór d’iarrthóirí taithí cócaireachta/lónadóireachta a bheith acu, chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá cáilíocht i gcúrsa Sábháilteacht Bia & Sláinteachas (HACCAP) Leibhéal 2 riachtanach don phost seo.

Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.

Is post páirtaimseartha é seo, 4 lá/20 uair sa tseachtain bheadh i gceist.

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

 

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

 

Seol litir iarratais mar aon le CV ar ríomhphost amháin chuig:  Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG roimh an 19/06/2025.  Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie

 

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

 

Cineál Poist:
Suíomh:
Carna
Uaireanta Oibre:
20 uair
Spriocdháta:
19/06/2025
Teagmháil:
foluntas@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna