Múinteoir Luathbhlianta i Naíonra na Dromad (Clúdach Saoire Mháithreachais)

Múinteoir Luathbhlianta i Naíonra na Dromad (Clúdach Saoire Mháithreachais)

 

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Mhúinteoir Luathbhlianta i Naíonra na Dromad, Cillín Liath, Máistir Gaoithe, Cill Airne, Co. Chiarraí, chun Saoire Mháithreachais a chlúdú ón 28 Lúnasa 2025 go dtí an 05 Eanáir 2026.

Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig:  Sinéad Ní Neill, Oifigeach Forbartha CNNG, roimh an 21/07/2025.  Seoladh ríomhphoist: sinead@cnng.ie

Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.

Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cineál Poist:
Suíomh:
Cillín Liath, Máistir Gaoithe, Cill Airne, Co. Chiarraí
Uaireanta Oibre:
Luan go hAoine
Spriocdháta:
21/07/2025
Teagmháil:
sinead@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna