Múinteoir Luathbhlianta i Naíonra & Iar-Naíonra Charna

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Mhúinteoir i Naíonra agus Iar-Naíonra na hAirde Móire, An Aird Mhóir, Carna, Connamara, Co na Gaillimhe.

 

Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.

 

Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.

 

Má tá tuilleadh eolais uait, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an mBainisteoir Acmhainní Daonna trí ríomhphost a sheoladh chuig foluntas@cnng.ie.

 

Seol litir iarratais agus CV, chomh maith le cóip de do cháilíochtaí, chuig: foluntas@cnng.ie

 

Sonraí Teagmhála:
Bríd Ní Chuláin

Bainisteoir Acmhainní Daonna,

Comhar Naíonraí na Gaeltachta,

Aonad 3D,

Páirc Gnó na Ceathrún Rua,

An Cheathrú Rua,

Co. na Gaillimhe

Cineál Poist:
Suíomh:
Ionad Cúraim Leanaí Charna, Carna, Co. na Gaillimhe
Uaireanta Oibre:
Luan go hAoine
Spriocdháta:
23/04/2025
Teagmháil:
foluntas@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna