Múinteoir Luathbhlianta i Naíonra Bhéal Átha an Ghaorthaidh
- Páirtaimseartha
- Béal Átha'n Ghaortaidh, Co. Chorcaí
- Páirtaimseartha
- Béal Átha'n Ghaortaidh, Co. Chorcaí
Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Mhúinteoir Luathbhlianta i Naíonra Bhéal Átha an Ghaorthaidh, Coláiste na Mumhan, Béal Átha an Ghaorthaidh, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí.
Ní mór d’iarrthóirí cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (QQI/ FETAC nó a chomhionann) a bheith acu, agus taithí ar obair le páistí faoi chúig bliana d’aois chomh maith le taithí ag obair mar chuid d’fhoireann. Tá líofacht sa Ghaeilge riachtanach don phost seo.
Is post páirtaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine.
Beidh CNNG ag cuir painéal fostaithe/oibrithe le chéile ón agallamh seo chun postanna eile a thagann aníos san Eagraíocht a líonadh.
Tá lánrogha ag CNNG é sin a athrú de réir mar a fheileann sé don chomhlacht agus ag brath ar na postanna atá le líonadh.
Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig: Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG roimh an 05/11/2025. Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie
Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.
- Páirtaimseartha