Leas-Bhainisteoir in Ionad Cúraim Leanaí na Ceathrún Rua

Tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag lorg iarratais don phost mar Leas-Bhainisteoir Luathbhlianta in Ionad Cúraim Leanaí na Ceathrún Rua, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.

Beidh an té a cheapfar freagrach as riaradh agus bainistiú na seirbhíse ina iomláine. Ní mór d’iarrthóirí taithí bainistíochta/riaracháin agus taithí bainistiú foirne a bheith acu chomh maith le taithí agus cáilíocht sa réimse cúram leanaí.

Tá cáilíocht Leibhéal 5 i gCúram Leanaí (FETAC/QQI nó a chomhionann) riachtanach agus bheadh cáilíocht tríú leibhéal sa réimse cúram leanaí ina bhuntáiste. Ní mór d’iarrthóirí Gaeilge líofa a bheith acu.

Is post lánaimseartha é seo, ag obair ó Luan go hAoine, 40 uair sa tseachtain.

Seol litir iarratais mar aon le CV, i nGaeilge amháin, ar ríomhphost amháin chuig:  Bainisteoir Acmhainní Daonna CNNG roimh an 05/11/2025. Seoladh ríomhphoist: foluntas@cnng.ie

Fostóir chomhdheiseanna is ea Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Cineál Poist:
Suíomh:
An Cheathrú Rua, County Galway, Ireland
Uaireanta Oibre:
Luan go hAoine
Spriocdháta:
05/11/2025
Teagmháil:
foluntas@cnng.ie

Poist den Chineál Céanna